Caoimhín Ó Liatháin (@coliathain) 's Twitter Profile
Caoimhín Ó Liatháin

@coliathain

Bleá Cliathach i dTuaisceart na Fionlainne // Taighdeoir @UniOulu

ID: 1350744382559952896

linkhttp://caoimhinoliathain.wordpress.com calendar_today17-01-2021 09:59:07

355 Tweet

815 Followers

1,1K Following

Caoimhín Ó Liatháin (@coliathain) 's Twitter Profile Photo

Tá bliain iomlán imithe, nach mór, ó bhí eagrán nua den phodchraoladh iontach sin #whatthefocal againn. 😢 Braithim uaim é. Podchraoladh den scoth a bhí ann, agus gach gné de ar ardchaighdeán. Éist leis, murar éist tú cheana. Tá 10 n-eagrán ar SoundCloud. soundcloud.com/rnl/sets/what-…

Caoimhín Ó Liatháin (@coliathain) 's Twitter Profile Photo

Aon seans go bhfuil cóip den leabhar 'Ar Thóir an Fhocail Chruinn' (1997) ag aon duine, agus iad sásta é a dhíol liom? Cuir scéala chugam má tá!

Ceist agam oraibh, a chairde: Cén chaoi a gcaithfeadh sibh bhur gcuid ama mura mbeadh gá leanúnach ann airgead a shaothrú agus billí a íoc?

Caoimhín Ó Liatháin (@coliathain) 's Twitter Profile Photo

Ar chuala sibh go bhfuil Usain Bolt tar éis post mór a fháil leis an gclár '7 Lá' ar TG4? Chuir sin iontas ar go leor daoine, ach ní ormsa. Nach bhfuil a shaol ar fad caite aige ag plé le cúrsaí reatha! #seanjócnua

NÓS (@nosmag) 's Twitter Profile Photo

Scríobhann Caoimhín Ó Liatháin faoi bheith faoi orlach de ghreim cumhachtach na fichille ar líne. An gcoinneoidh sé air leis an Chluiche Iodálach nó an bhfanfaidh na fir fichille socair go ceann tamall eile? Léigh thíos👇 nos.ie/saol/sport/bi-…

Caoimhín Ó Liatháin (@coliathain) 's Twitter Profile Photo

Scríobh mé alt faoin bhficheall do NÓS an lá faoi dheireadh. Nasc thíos 👇 nos.ie/saol/sport/bi-… An mbíonn aon duine anseo ag imirt? ♟️ Beag an baol go mbainfidh mise teideal an Ardmháistir amach, pé scéal é. Caithfidh croí leoin a bheith agat – agus níl sé agam! ❤️🦁

Caoimhín Ó Liatháin (@coliathain) 's Twitter Profile Photo

Chosain mé mo thráchtas dochtúireachta in Ollscoil Oulu Déardaoin! 🎓 Bhain an tionscadal taighde le toibreacha éadoimhne a úsáidtear chun uisce inólta a sholáthar san Fhionlainn, go háirithe sna réigiúin sin nach bhfuil mórán daoine ina gcónaí iontu.

Chosain mé mo thráchtas dochtúireachta in Ollscoil Oulu Déardaoin! 🎓

Bhain an tionscadal taighde le toibreacha éadoimhne a úsáidtear chun uisce inólta a sholáthar san Fhionlainn, go háirithe sna réigiúin sin nach bhfuil mórán daoine ina gcónaí iontu.