Beidh ticéid don chéad chamchuairt Oasis ó 2009 ar díol Dé Sathairn. Ná bac leis an ruaille buaille a thitfidh amach ar X/Twitter nuair a bheidh na ticéid beo ach éist leis an leagan Gaeilge seo de ‘Don’t Look Back in Anger’ de chuid TG Lurgan🎶
nos.ie/cultur/ceol/ar…
Is cosúil go bhfuil muintir Bhaile an Craice faoi thionchar éifeacht na ndúradán. Le cuidiú Dé beidh an stól deas, is fearr rud maith daor ná drochrud saor agus an chraic sin ar fad…
Tá 30 traic úra a eisíodh i mí Lúnasa le cloisteáil ar sheinnliosta NÓS, Rianta na Míosa, an mhí seo. Is féidir taisteal ó Detroit go Tóiceo agus níl ticéad eitleáin de dhíth ort fiú!
Léigh thíos👇🎶
nos.ie/cultur/ceol/ri…
Chaith Dean seal ag dul ar ranganna Gàidhlig ag Sabhal Mòr Ostaig a bhuí le hIomairt Colmcille. Léigh faoina eispéireas ar an Eilean Sgitheanach ag foghlaim Ghaeilge na hAlban.
Léigh thíos👇
nos.ie/gniomhaiochas/…
Fadó fadó roimh theacht na Críostaíochta go hÉirinn, d’iarr fir ar chairde ceiliúr pósta a chur ar bhean trí uisce beatha a thabhairt chuici mall san oíche. Léigh faoi na nósanna bainise eile thíos👇
nos.ie/cultur/iarr-ar…
Deir Ben Ó Faoláin gurb é ‘Romance’ le Fontaines D.C. albam mór Éireannach na bliana seo. Beidh ceol ó Kneecap, Jimi Tenor agus níos mó le fáil in Albaim na Míosa seo.
Léigh thíos👇
nos.ie/cultur/ceol/al…
‘Vestmannaeyjar’ an t-ainm atá ar an oileánra beag amach ó chósta theas na hÍoslainne ar rugadh agus ar tógadh bainisteoir sacair na hÉireann, Heimir Hallgrímsson, ann.
Agus is do na Gaeil atá an mhír 'Vestmann' sin ag tagairt!
nos.ie/saol/sport/sta…
Foilsíodh taighde ag tús na míosa a léiríonn gur féidir craiceann luiche a dhéanamh trédhearcach leis an ruaim bhia Tartraisín. Faightear an ceimiceáin áirithe seo i dtáirgí amhail Doritos agus calóga arbhair.
Léigh thíos👇
nos.ie/saol/ta-lucha-…
Le fóid móna agus préataí ann, tá ‘Pósadh Oscair’ ar an scéal is Éireannaí dá chuala muid riamh, agus cé nach dtaitníonn cluichí bainise leo?
Léigh thíos👇
nos.ie/cultur/posadh-…
Tá na daltaí agus na múinteoirí fillte ar scoil agus gnáthamh na bliana acadúla faoi lán seoil… ar leathchrann b’fhéidir. An tseachtain seo pléann Kathryn an chaoi a gcothaítear nósanna dearfacha ag tús na scoilbhliana.
Léigh thíos👇
nos.ie/saol/comhairle…
Má tá lá amháin ina shaol nach ndéanfaidh sé dearmad air feasta, is é seo an lá sin do Mark Moran. Is léargas é an t-oileán seo ar “dhomhan níos fearr - domhan ina bhfuil an nádúr chun tosaigh.”
Léigh thíos🦘
nos.ie/taisteal/la-ar…
Aiste chothrom bia a thugaimid ar aiste bia a thugann cothaithigh agus mianraí dúinn agus a mholann éagsúlacht sna cineálacha bia. An dtugann na haistí cothroma bia seo go leor solúbthachta dúinn?
Léigh thíos👇
nos.ie/saol/bia/an-fi…
I ndiaidh do Rialtas na Breataine a fhógairt nach gcuirfidh siad tuilleadh maoinithe ar fáil d’atógáil Pháirc Mhic Asmaint, an cheist atá ag Jack Mac Íomhair ná: an fiú Tionól nach bhfreastalaíonn ar ár riachtanais?
nos.ie/gniomhaiochas/…
“Is cleachtas rialta é buíochas a thabhairt,” a mhaíonn Kathryn Ní Mhaoláin i gComhairle Carad an tseachtain seo. Ní fiú na rudaí maithe a aithint lá amháin agus neamhaird a thabhairt orthu an chéad lá eile!
Léigh thíos👇
nos.ie/saol/comhairle…
Deich mbliana tar éis reifreann ar neamhspleáchas na hAlban, tá Griogair Labhruidh agus Alan Cumming ag teacht le chéile chun spiorad na saoirse a chur chun cinn arís eile i ndiaidh “Bliadhna nam breug”.
Léigh thíos👇
nos.ie/cultur/ceol/ro…
Tá An tOireachtas ag tacú le heagraíochtaí Gaeilge i 17 contae atá ag déanamh ceiliúradh ar Oíche Chultúir le himeachtaí trí mheán na Gaeilge. Eagraíochtaí lasmuigh den Ghaeltacht an chuid is mó acu.
Léigh thíos👇
nos.ie/cultur/an-toir…
Fiche nóiméad ó La Rochelle ar Chósta Atlantach na Fraince, luíonn Île de Ré go séimh socair. Seoid nádúrtha gan mhilleadh é an t-oileán seo. Léigh faoi thuras Mark ina iomláine thíos👇🇫🇷
nos.ie/taisteal/cad-a…
Titfidh Féile Dorn San Aer amach i nGaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo in ómós don laoch Rónán Mac Aodha Bhuí. Bliain i ndiaidh a bháis, tá na Gaeil ag déanamh ceiliúradh ar a shaol agus ar a oidhreacht go fóill.
Léigh thíos🎶
nos.ie/cultur/ceol/ta…
Titfidh Féile na bPuiteachaí amach don cheathrú bliain as a chéile ar Inis Meáin an Satharn beag seo. Déanfar ceiliúradh ar chultúr agus ar stair an oileáin, agus ar na sméara dubha féin a dtugann muintir Inis Meáin ‘puiteachaí’ orthu.
Léigh thíos👇
nos.ie/cultur/feile-n…
Scríobhann Caoimhín Ó Liatháin faoi bheith faoi orlach de ghreim cumhachtach na fichille ar líne. An gcoinneoidh sé air leis an Chluiche Iodálach nó an bhfanfaidh na fir fichille socair go ceann tamall eile?
Léigh thíos👇
nos.ie/saol/sport/bi-…