
Muiris Ó Fiannachta
@muirisrnal
Bainisteoir Stáisiúin Raidió na Life 106.4FM, stáisiún raidió pobail Gaeilge BhÁC. Ceoltóir, taistealaí. Tuairimí pearsanta. Ní hionann athghiolc / ♡ agus aontú
ID: 1119401526
25-01-2013 14:10:32
961 Tweet
1,1K Followers
1,1K Following


Beidh daltaí na chéad bliana is na dara bliana ó Choláiste Ghleann na Finne Finn Valley College i Srath an Urlár, Co. Dhún na nGall le cloisteáil ag craoladh ar RnaL inniu ag a 2pm - ar raidionalife.ie ar fud na tíre & na cruinne & ar 106.4FM i mórcheantar BÁC. Maith sibh!!!

Gach maidin & gach tráthnóna an tseachtain seo beidh deis agaibh éisteacht leis an sraith iontach What The Focal?! le Ciara Ní É 🏳️🌈 'knee YAY', agus ár gClár Reachtaire Conchúr Ó Faoláin ar saoire. Beidh eagrán éagsúil den gclár le cloisteáil gach maidin 10 - 11am & gach tráthnóna 8-9pm!



Táimid anseo agus faoi réir d'Fhéile na Gealaí Féile na Gealaí 2023! An mbeidh tú ann? Beidh Raidió na Life & Raidió Fáilte ag teacht chugaibh beo ón bhféile óna 5-6pm tráthnóna agus arís 5-6pm tráthnóna amárach. Mura dtig leat a bheith anseo, bí linn ar 106.4FM (RnL) / 107.1(RF)!


Edel Ní Churraoin ó Féile na Gealaí ag caint linn anois mar gheall ar na dúshláin a bhaineann le heagrú na féile, forbairt na féile le hocht mbliana anuas, agus an chraic, an ceol agus an spiorad den scoth a bhaineann leis an bhféile chuile bhliain anseo i Ráth Chairn.


Bígí linn ag a 5! Beo ó Féile na Gealaí ar Raidió na Life 106.4FM / raidionalife.ie agus ar Raidió Fáilte 107.1FM / raidiofailte.com

Litir iontach ó Community Radio Ireland san The Irish Times inniu. Tugaimis dúshlán don meon míchruinn gur líon fíor-theoranta daoine a bhfuil an 'tallann' acu le cláir raidió & theilifíse a chur i láthair go cumasach. "RTÉ presenters – the cult of personality" irishtimes.com/opinion/letter…



Ár mbuíochas le Sharon a ghlac an t-am chun a dea-ghuí a chur chugainn ar chothrom 30 bliain an lae ó tháinig Raidió na Life ar an aer. Duine de na sluaite a chur tús le gairmeacha beatha sna meáin chumarsáide trí bhualadh isteach go RnaL le triail a bhaint as! #RnaL30

Ag filleadh inniu ar an stáisiún inar thosaigh sí a saol sna meáin chumarsáide in 1993 a bhí ár gcara Sinéad Crowley Stiúrthóir um Fhorbairt na Meán le Coimisiún na Meán agus iar-Chomhfhreagraí na nEalaíon & na Meán le RTÉ & RTÉ News agus muid ag ceiliúradh 30 bliain ar an aer! 🥳#RnaL30




"Hogwarts gan an bleedin' craic atá san áit seo..." Sraith dhrámaí nua le Réaltán Ní Leannáin ag tosnú ar Raidió na Life anocht ag 8.30i.n. agus le cloisteáil gach oíche go dtí Dé hAoine 15 Nollaig. Le Sinéad Ní Uallacháin, Dairíne Ní Dhonnchú, @binnbeal Gearóid Ó Mórdha agus Lelia Ní Chinnéide.



Go raibh maith agaibh RTÉ Archives as seo a roinnt! DeirdreDonnelly, nach bhfuil sé go hiontach go bhfuil Raidió na Life fós anseo 31 bliain i ndiaidh ár gcéad lá ar an aer in 1993 - agus an réimse clár is leithne dá bhfuil le cloisteáil fós ar RnaL! Coimisiún na Meán Foras na Gaeilge Community Radio Ireland

