Coláiste Mhuire BÁC
@colaistemhuiret
Bhunaigh na Bráithre Críostaí Coláiste Mhuire sa bhliain 1931 chun meánoideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil do phobal na cathrach.
ID: 783315267870986240
http://www.colaistemhuire.ie 04-10-2016 14:38:07
2,2K Tweet
495 Followers
118 Following
Déanaimid comhghairdeas ó chroí le Fiachra, Oscar, Harry, Jak & baill eile Earthmover as an bua a fháil inniu ag Lá Mór na Gaeilge i Margadh na Feirme lena n-amhrán nua chumtha & an duais, níl ann ach go mbeidh siad ar an stáitse ag Electric Picnic Pobal na scoile bródúil asaibh.
Pobal na scoile thar a bheith bródúil as Mamó Choláiste Mhuire atá ag freastal ar dhaoine óga le 70 bliain sa chóras oideachais bunscoile, meánscoile & speisialta in Éirinn, i Sasana, in Albain & i Zambia mar mhúinteoir ,príomhoide,bainisteoir scoile, séiplíneach. Department of Education and Youth
Comhghairdeas lenár gCoiste Gaeilge ar a bronnadh brat orthu inniu don obair ar fad atá déanta acu i rith na bliana chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Is an obair chrua, leanúnach & a ndíograis dár dteanga, dár n-oidhreacht agus dár gcultúr ba chúis lena rath Gaelbhratach
Ar mbuíochas le Mamó na Scoile, an tSr. Mairéad as lá den chéad scoth a eagrú don séú bliain le NET Ministries le cabhrú leo a scith a ligint & dearmad a dhéanamh den obair scoile & an Ardteist ar feadh cúpla uair an chloig. Lá thar a bheith fiúntach & taitneamh ach a bhí ann.
Déanaimid comhghairdeas ó chroí le Kyra as an tríú bliain a thainig sa chéad áit le #cabrakayakclub sa #JuniorLiffeyDescent ar an Domhnach. An chéad cailín a tháinig isteach faoi 18 an 4ú bliain as a chéile di an t-éacht dochreidthe seo a bhaint amach. Canoeing Ireland #bród
Bhain lucht na hldirbhliana taitneamh ollmhór as ceardlann filíochta leis an bhfile clúiteach Colm Keegan inniu. D'fhoghlaim na scolairi faoi na féidearthachtai a bhaineann leis an bhfilíocht agus léirigh siad cruthaitheacht den scoth. Colm Keegan
Déanaimid comhghairdeas ó chroí le Molly-May, Tighe, Tori-Lee & foireann iomlán Fís Féile BÁC le Gaeilge as lá den chéad scoth a reáchtáil ar son ár dteanga, ár gcultúr, ár n-oidhreacht a cheiliúradh ag Lá Mór na Gaeilge ‘25 ar na mallaibh. Pobal na scoile bródúil asaibh triúr.
Cúpla lá den scoth ag lucht na hIdirbhliana Lilliput Adventure sa Mhuileann gCearr dá dturas Gaisce. Críoch iontach le bliain thar a bheith gníomhach, lán le spraoi 's spórt, gan amhras, a bhí thar moladh beirte.